School: Acres (roll number 10827)
- Location:
- Na hAcraí, Co. Donegal
- Teacher: Eilis Ní Dhomhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Acres
- XML Page 66
- XML “Seán agus A Chara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán agus a Chara.
Bhí fear ann uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air, Seán. Bhí cara mór ag Seán darbh ainm Tomás. Nuair a bhí Tomás ag fághail bháis bhí brón mhór ar Sheán, agus d’iarr sé ar Thomás a theacht arais chuige, nuair a bhfuigheadh sé bás, agus a dhinnse do cé’n cineál saoghal a bhí acu i bhflaitheas. Gheall Tomás sin, acht tá fhios ag gach duine nach feidír leis a theacht arais.
Cupla lá na dhiaidh sin, fuair Tomás bás, agus cuireadh é.
Chuaidh an t-am thart, agus oidhche amháin bhí Seán ag siubhal thart fá’n loch a tugtar loch Meala air. Chonnaic sé lámh sínte aníos fé’n uisge, agus chualaidh sé duine ag rádh, “tar annseo, agus tarraing amach mé”. D’aithin sé glór a chara a fuair bás, agus scannraigh sé. Thug sé do na bonnaibh é. Nuair a shroich sé a theach fhéin, thuit sé i laige.
Lá thar na bharach chuaidh sé fhad leis an tsagart, agus d’innis sé do, caidé tharla an oidhche roimhe. Dubhairt an sagart leis nárbh é chara a bhí ann acht an diabhail.(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Ailt an Chorráin, Co. Donegal
- Informant
- Bean Uí Dochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Ailt an Chorráin, Co. Donegal