School: An Mhín Mhór (roll number 16342)

Location:
An Mhín Mhór, Co. Donegal
Teacher:
Pádraic Ó Breisléain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 9

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 9

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhín Mhór
  2. XML Page 9
  3. XML “Scéaltaí Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dochtúir ann aon uair amháin, a rabh mac aige mar adhbhar dóchtúra aige. Chuaidh sé ar cuairt ag (duine) tinn lá. I ndiaidh a bheith ag amharc ar an duine tinn dubhairt sé mar leannas:
    "D'ith tú oisridhe," ar seisean.
    "D'ith," ar sise.
    "Anois," arsa an sean-dochtúir leithe. "Na h-ith iad feasta agus béidh tú slán."
    Ar an mbealach abhaile dóibh d'fhiafruigh an cochtúir óg de'n t-sean dochtúir,
    "Caidé mar bhí 'fhios agat gur ith sí na h-oisridhe?"
    "Dhearc mé fao'n leabaidh agus chonnaic mé na blaosgacha," arsa seisean.
    Lá amháin eile bhí fear tinn, agus cha dtiocfadh leis t-sean dochtúir dul dh'amharc air, is chuir sé an dochtúir óg chuige.
    Ag teacht isteach ins an t-seomra a rabh an fear tinnann, dhearc sé faoin'n leabaidh agus chonnaic sé diallaidh agus srian.
    "A dhune chóir, " arsa seisean leis an fhear tinn,
    "D'ith tú gearrán,"
    Shíl muinntir an tighe gur ag magadh faoi an fhear tinn a bhí sé, agus ruiagh siad amach as an teach é, agus chuir siad an madadh ina dhiaidh. Bhí fearg mhór ar an t-sean dochtúir nuair a chuala sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Eamonn Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    An Mhín Mhór, Co. Donegal
    Informant
    Pádraic Ó Breisleáin
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Cnoiceach Mór, Co. Donegal