School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 61
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Planndaí agus luibheanna a úsaidtaí chun olna nó éadach a dhathú.
Fraoch : Úsaidtí Fraoch le olann a dhathú. Barra óga glasa a úsaidtí cun seo a dheánamh. Bhruidhtí é leis an olann agus chuirtí alum agus copperas san uisge comh maith leis an dath a greamú. Dat buidhe a a béas ar an olainn a dhatuigtí mar seo agus éadach nó báinín ar bith a mbéadh. Beagan de olainn a dhathuightí mar seo ann, bhéadh sé deas péacach agus chuirtí suim mhór ann le cultacha a dheánamh de fhir agus mhná.
Cratal na ngloch : Fásann an cratal ar clocha. Seort Fungus atá ann. Tá an cratal an fhairsing agus úsaidtear é go díreach mar úsaidhthear an fraoch le olainn a dhathú. Dath dearg a chuireas an cratal ar olainn.
Preamhacha na Dreasóige.
Baintí iad seo agus gearrtaí iad go mion agus bhruidhtí iad leis an olainn le n-a dathú.
Cearnóg : Géaga Fearnóige fosta. Gearrtaí iad nuair a bíodh siad óg glas agus bhruidhtí iad leis an ólainn a dhathú.
Tá na dathannaí seo beag nach imighthe ar fad anois, mar go dtig dathannaí a ceannach(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal