School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 48
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Níor labhair sí níos mo go dtí maidin lá ar na bharach gur imthigh sé aríst a sheilig agus gur sí an leac agus gur leig sí aníos Donn Ó Dubhthaigh.
Thug sí do a bhriocfasta, agus bhuail sí ar an sguaibh, agus ó na seóidibh go dtí péarlaí agus go dtí na lásaí óir gur chóirigh sí an sguab i na méin.
Chuir sí an sguab isa shuide i bhfuinneóig na cistinighe, agus choimhead sí an doras go bhfaca sí an Crocaire Tárnocht ag teacht.
Chuir sí Donn Ó Dubhthaigh i bhfolach faoi’n leic agus shuidh sí ar chaithir óir agus i ag gáiridhe le pléisúir chomh deas is bhí anam an Chrochaire Thárnocht cóirighthe aici.
“A rí dá ngéillim agus a rí dá bhfóghn’aim”, arsa Crochaire Tárnocht, tá tú ag éirighe amaideach; ní ins an sguaib atá m’anam acht ins tuairnín.
Bhain sí na seóide a bhí ar an sguaib duíthe, agus níor labhair sí níos go dtí’n lá ar na bhárach, go dtí gur imthigh an Crochaire Tárnocht a sheilg, agus gur leig sí aníos Donn Ó Dubhthaigh as faoi an leic, agus go dtug sí dó a bhriocfasta. Chuaidh sí fhad leis an tuairnín, agus má chóirigh sí an(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal