School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 47
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leac mhór a bhí i dteaghlach na teinéadh, agus thochail sé a áit fhéin síos fúithe. D’iarr sé ar inghin ríogh Ghréagh an leac a chur ar ais mar bhí sí go bhfeicfeadh sí goidhe mar ‘s bhí sí fóirstin. Chuir sí an leac mar bhí sí, agus dubhairt sí nach n-aithneóchadh aon fhear in n-Éirinn gur corruigheadh i areamh. Ní fada a bhí sin deánta aici nuair a chonnaic sí an Crochaire Tárnocht ag teacht na doruis amuug.
“Fód, fód, féasóg, mochuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh in mo chábhán toighe”.
“Tá boladh Éireannaigh agat an uile lá ó thug tú mise leat, agus goidhe an fáth le go bhfuil sé ag cur iarghnó ort anois?”
“Och, má tá, ní chuirfidh sé iarghnó ar bith orm níos mo”
Thug sí bhaid do, agus ní bhfuair sé leat a sháithe. Thúsaigh sé ar an éanlaith a bhí marbh leis, agus d’ith sé a sháith aca le cluimhreacha agus uile mar bhí siad. Bhí sé annsin sásta go bréagh, agus nuair a fuair sí sásta é, d’fhiafhruigh sí de cá rabh an t-anam aige go gcuirfeadh sí fasgadh agus dídion air.
Dubhairt sé go rabh an t-anam ins an sguaib a rabh sí ag sguabhadh an toighe leis.(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal