School: An Mhín Mhór (roll number 16342)

Location:
An Mhín Mhór, Co. Donegal
Teacher:
Pádraic Ó Breisléain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 43

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 43

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhín Mhór
  2. XML Page 43
  3. XML “An Crochaire Tarnocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sgaoil sé leis ins na sidhe súimannaí, ins na rith suaimannaí, ins ruaimannaí rith ruadh reatha, go dtabhradh sé cnoc de léim agus gleann de thuslóig, go rabh dubhantaí geala an lae ag druidim uaidh, an gearrán bán ag dul faoi chapóig agus an chapóg ag imtheacht uaidh gur casadh sgaoith gearrfhaidh leis ar thaoibh molaidh shléibhe.
    Chait sé a bhata fríotha agus mhar’uigh sé ceann aca, agus ní shásuigh sin é gur bheir sé ar an darna ceann ar a rith. Tharraing sé air sponc, agus rinne teine chreasa. Rinnem sé teine mhór chumhra chartha gan ró gan rudán gan smál gan smuidean le fod mónadh agus dhriseóig.
    Tharraing sé air sgin phóca, agus d’feann sé ceann aca. Chuir sé ceathramha ar bhior de, agus na trí cheathramhnacha eile ar an ghríosaigh.
    Nuair a bhí sé bruithte rósta aige ina shásamh thainic cú mór an domhain thoir annseir.
    “A Dhuinn Uí Dhubhthaigh”, ars’an cú mór, “a mhic ríogh i n-Éirinn, ‘ dtabharthá damhsa cúilín cnáimhín, cuid ar leith as cuibhlint, no greim ós cionn an iomlain”.
    “A bheithidhigh ba deise, a chonnaic mé ariamh”,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Breisleáin
    Gender
    Male
    Address
    Cnoiceach Mór, Co. Donegal
    Informant
    Muiris Ó hUiginn
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Ard an Rátha, Co. Donegal