School: An Mhín Mhór (roll number 16342)

Location:
An Mhín Mhór, Co. Donegal
Teacher:
Pádraic Ó Breisléain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 38

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 38

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhín Mhór
  2. XML Page 38
  3. XML “An Crochaire Tarnocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    theacht is leis ingéan ríogh Ghréag gan bhuille gan urcar”.
    “Och, cóirigh fúm, cóirigh tharmh, ní mé atá ag dréim le inghín an ríogh”.
    Dá luath is ar éirigh an lá luaithe nó sin a d’éirigh Donn Ó Dubhthaigh. Nígh sé a éadan, chíor sé a cheann, agus bhí a bhriocfasta réid ag an chailigh. Chuir sé an dhiallaid ar an bheithidheach, agus chuaidh sé síos go bruac na trágha leig sé an beithidheach ar siubhal ar an fhéar, agus thug sé an srian leis ina láimh.
    Acht le sgéal fada a dheánamh goirid mhar’aigh Donn Ó Dubhthaigh an da fhathach eile ar an mhodh chéadna is mhar’aigh sé an chead duine agus ghearr sé an teanga as gach duine aca, agus chuir sé i na phóca iad mar an gcéadna.
    Níl aon lá dar mhar’aigh sé fathach nar chuir inghéan an ríogh comhartha airsean. An dara lá ghearr sí píosa cruinn de’n éadhach a bhí i línín na casóige ar a thaoibh dheis. An tríomhadh lá ghearr sí píosa cruinn de’n leathar as uachtar bhútaise ós cionn bhairr a’ ladhair mhóir ar a chois dheis. Sin na trí comharthaí a bhí aici ar an taoibh amháin de.
    Thigeadh Mac Ríogh faoi Thuinn gach aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Breisleáin
    Gender
    Male
    Address
    Cnoiceach Mór, Co. Donegal
    Informant
    Muiris Ó hUiginn
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Ard an Rátha, Co. Donegal