School: An Mhín Mhór (roll number 16342)

Location:
An Mhín Mhór, Co. Donegal
Teacher:
Pádraic Ó Breisléain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 36

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 36

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhín Mhór
  2. XML Page 36
  3. XML “An Crochaire Tarnocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sgéithe. Chuir sé an chead fhásgadh, go dtí bhásta a bhrístí ins an ghainmh é, an darna fásgadh go poll a dhá easgall, agus an treas fasgadh go h-ubhall na sgórnaighe é.
    “Fód glas ós do chionn a bheithidhigh shalaig”, ar seisean.
    “Foil ort, a ghaisgidhigh a b’fheárr a connaic mé ariamh, agus bhéaraidh mé duit duais níos fheárr no mo cheann”.
    “Goidé an duais a bhéaras tú damh?” arsa Donn Ó Dubhthaigh.
    “Bhéaraidh mé an chlaidheamh sholasta dhuit, nár fhág ariamh fuigheall buille agus bhéaradh solus do’n domhan”.
    “Ní hí atá mé dá shanntughadh acht do ceann”, arsa Donn Ó Dubhthaigh, ag tarraingt aníos as a thruaill a lann ludarach líomhthar agus aimsuighadh i gcomhrac a chinn’s a mhuinéail, steall sé an ceann iarraidh dul ar an cholainn le tréan draoidheachta, agus chuaidh sé de léim eadar an chionn ‘sa’ colainn go bhfuair an cholann bás. Shuidh sé síos ag taoibh an chinn, agus shásamh air tharraing sé aníos as a phóca sgin phinne agus ghearr sé an teangaidh as an chionn agus chuir sé síos i na phóca i. D’éirigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Breisleáin
    Gender
    Male
    Address
    Cnoiceach Mór, Co. Donegal
    Informant
    Muiris Ó hUiginn
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Ard an Rátha, Co. Donegal