School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 35
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fheárr a dheánamh leat mur gcaithfidh mé fríd spéir an aeir thú agus mhuineal a bhriseadh teacht anuas duit”.
“Cha dteána ceachtar aca liomsa”, arsa Don Ó Dubhthaigh, “acht le h-aghaidh cóir agus cearth a bhaint as do chionn salach meallanach thainic mise annseo”. Cia ‘ca is fheárr leat”, ars’an fathach, “greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht’ nó sgiana glasa i mbarr easná a chéile?”.
“Is fearr liom greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht’”, arsa Donn Ó Dubhthaigh, “is iad a chleacht mé i mbaile bheag is i mbaile mhór, i gcúirt m’athara agus mó mháthara fhéin, agus is iad a bhéas agam anois, i n-áit a mbéidh mo chrúibíní mion-uaisle ag éirighe suas ar do spágaibh móra madardha mío-stumachsa, a bheithidigh”.
An tráth bhrir an bhéirt ar a chéile rinne siad bogán d’en creagán d’en bhogán, toibreacha fíor-uisge i lar na gcloch glas: ní rabh duine ó íochtar an domhan go dtí uachtar an domhan nach ag géar agus ag iomus ar an dís a thainic.
Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh nach rabh fear leaghtha no a spreaghtha nó a thruaighe le fághail thóg sé a mheisneach i mbeannan a(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal