School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 33
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Donn Ó Dubhthaigh ag teacht, “Mo dhona is mo dhoghrainn ort”, ar seisean, “go rachaidh mé i bhfolach faoi’n tom go bhfeicfidh mé goidé tá sé i n-innibh a dhéanamh is leor le dhonacht ort do ghraithe ag dul le dheánamh ag fear eile”.
Nuair a thainic Donn Ó Dubhthaigh ‘un cainnte leis an chailin óg bheannuigh sé duithe ins na briathraibh a chanadh siad ins an am sin, agus bheannuigh sise dó ins na briathraibh chéadna. D’fhiafraigh sé duithe i gcómhrádh chiuin an leigfeadh sí do néal a chodladh, i na h-icht. Dubhairt sí go leigfeadh acht mur b’é go rabh eagla uirthí go mairbhfeadh an fathach é.
“Má bhím-sa ‘mo codlad”, ar seisean, “nuair tchífeas tusa an fathach ag teacht beir ar an t-sréin agus craith é, agus musglóchaidh an srian mise”.
Leag sé a cheann i na h-ucht agus thuit sé ina chodladh agus ní fada a bhí an codladh ghá dheánamh aige nuair a tchí sise an soitheach ag teacht ar an fhairge.
Bheir sí ar an t-sréin, agus chraith sí é, agus le méad an tormáin agus an tormain a rinne an srian d’éirigh seisean suas. D’amhac sé uaidh go fiata fíochasna. Tchí sé an long luchtmhar lánmhar fá na culaidh tógtha uirthí,(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal