School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 14
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ar an Ceidhdeach a dtugadh siad Déinighe mór air. Bhí deathrar aige in Alban. Lá amhain bhí a dheathrar ag obair as chuaidh sé fa choinne braoin tae.”
(continued from previous page)ar leannacht
Chuaidh sé go h-alban, agus chár stad sé go rabh sé ag an áit a rabh a dheárthar ag obair. Chuaidh sé fhad leis an t-Sasanach agus dubhairt sé.
“Ar dhubhairt thusa nach rabh an Éireannach ag siubhail ar dha chois na mbualthá.
“Dubhairt cinnte agus as fíor damh é” arsa an t-Sasanach.
Bhuail Deinidhe é i mbun na cluasa agus d’fhág sínte ar an talamh é.
“Anois”, arsa Deinidhe lé na deatrar, “Sasanach ar bith a bhualfeas tú sgríobh chugamsa agus cuirfidh mise múinidh air.Scéal
“Bhí fear a bhí ann fad o shoin. An t-ainm a bhí ar fhear aca Cruit íochtarach, agus Cruit uachtarach a bhí ar an fhear eile. Chuaidh Cruit íochtarach amach ar uair a dó dhéag oidhche Éarraigh a chuartú éadalacha thart fá'n chladach.”
Sgéal.
Dhá fear a bhí ann fad o shoin.
An t-ainm a bhí ar fhear aca. Cruit íoctarach, agus Cruit Uachtarach a bhí ar an fhear eile. Cuaidh Cruit íoctarach amach ar uair a dó dhéag oidhche Éarraig a chuartú éadalacha thart fá’n chladach. Nuair a bhí sé ag teacht ar aois na bhaile chuala sé an glór agus an ceol a ba deise a chualaidh sé ariamh ia na shaoghal roimhe. Seasaidh sé agus d’éist sé leis an ghlór dheas. Ní rabh duine ar bith le feicéail aige. Siubhail sé giota eile(continues on next page)- Collector
- Méadhbha Ni Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Informant
- Aodh A Gallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Mhín Mhór, Co. Donegal