School: Mínbeannaid (roll number 16668)
- Location:
- Mín Beannaid, Co. Donegal
- Teacher: Séumas Ó Dómhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mínbeannaid
- XML Page 207
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sin ann más fad obhí. Bhí rí i n-Éirinn aon úair amháin agus bhí triúr mac aige. Tháinig lá deas fóghmhair agus a bhí síad aig a ndinnear bhí an lá an-deas téith. Fosgladh an fhuinneog agus tháinig éan deas isteach a raibh a chuid cluimhrighe órlasta mar bheadh dreatach óir ann. D'éirigh an mac a b'óige agus lean sé de'n éan agus lean an bheirt dhearbhrathair fosta. Shíl síad gach aon bhomaite go n-éireochadh leóbhtha breith ar an éan. Chúaidh síad go bárr beinne. Shíos leis an éan ins an bheinn. Ní thiocfadh leo fhághail fhad leis an éan. Chúaidh an fear as sine aca 'na bhaile fá choinne téid a leigfeadh an fear óg síos ins an bheinn. Dubhairt an fear is sine ag teacht do arís gur b'é a cheart dhul síos ins an bhéinn indiaidh an éin.
Chúaidh sé síos, chuir síad an téad faoi n'-ascaill agus leig an bheirt eile síos é. Chúaidh an t-éan síos níos fuide ins an bheinn. Ní raibh uchtach aig an fhear is sine 'dhul síos níos fuide. Tharraing an bheirt dearbhrathair aníos arís é, ag tabhairt fa ndeara daobhtha gur chaill sé a(continues on next page)- Collector
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Cait Nic an Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Gleann na hEilte, Co. Donegal