School: Mínbeannaid (roll number 16668)
- Location:
- Mín Beannaid, Co. Donegal
- Teacher: Séumas Ó Dómhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mínbeannaid
- XML Page 188
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sin ann ma's fad ó bhí. Bhí dream daoine i nÉirinn a dtugadh siad na Fianna ortha. Bhí Fionn Mac CUmhaill 'na cheannphort orra.”
Bhí sin ann ma's fad ó bhí. Bhí dream daoine i nÉirinn a dtugadh siad na Fianna ortha. Bhí Fionn Mac Cumhaill 'na cheannphort orra. Ba ghnáthach leo dul amach ceithre mhí de'n bhliadhain a s'eilg. Aon bhliadhain amháin thainig siad anuas go dtí'n taobh o thuaidh de Thír Chonaill go dtí'n áit a dtugadh siad Cnoc na Muicis air. Bhí siad gearr-thuirseach agus chruinnigh siad le coim na h-oidhche. Bhuail siad suas teine bhrosna. Ins an t-feilg casadh muc ortha agus mharbh siad an mhuc. Shín siad leath na muice ar an teine dha rósadh gur shásuigh siad iad fhéin. Nuair a rinne siad a suipear d'éirigh Goll Mac Morna agus d'fhiafruigh Diarmuid Donn de Goll ca rabh sé ag dul. D'fhreagar seisean go rabh se ag dul amach le leabaidh luachra a chruinniughadh do Fhionn. Thug an cheannphort buidheachas mór dó. Thainig ceó le coinfheascan an lae. Le glanadh an lae, bhog Fionn é fhéin suas. Ní rabh aon bhall de'n Fhéinn le fághail aige ach ceól bhinn an chú a bhí aige no sgab an(continues on next page)- Collector
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Cáit Antoin Mhic a' Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Gleann na hEilte, Co. Donegal