School: Cruit Island (roll number 16069)
- Location:
- An Chruit, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruit Island
- XML Page 71
- XML “Caisleán Dhún Ghleo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thiar annseo cupla míle ar an taobh thiar den scoil seo ar an Chloic Ghlais tá oileán beag ann. Oileán Beag árd iseadh é, agus níl sé acht tuairim's ar cupla céad slat amach on talamh, agus os coinne an oileán tá port no cuan beag ar a dtugtar Port an Chaisleáin mar ainm air. Ar mhullach an oileán tá lorg an tsean chaisláin a bhí annsin fad o shoin. Cáisleán Dhuin Gleó a b'ainm don caisleán seo, agus seo mar fuair an cáisleán an t-ainm. Fad o shoin bhí taoiseach, agus a teaghlach na gcomhnuidhe istoigh ar an oileán seo. Is minic a bhíodh an taoiseach, agus a chuid fear ar shiubhal ag tógail creach o na comhursain acht ní fhágfadh siad an caisleán gan gárrdha maith a fhághail na ndiaidh. Uair amháin dtimigh sé amach siar go Connacht bráth creach maith a bhaint amach annsin. Bí siad as latair ar feadh tamaill maith go dtí lá amháin chuadh bunadhas an ghárastúin ar shiubhal isteach go h-Arainn Mhór. Ní rabh fagtha san caisleán acht nighean an taoisigh, agus cupla duine de na seirbhisigh. Tháinig an oidhche agus níor phill an muinntir a d'imthigh(continues on next page)
- Collector
- Éilis Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Gort Lios Saighead, Co. Donegal
- Informant
- Aodh O Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 36
- Address
- Béal na Cruite, Co. Donegal