School: Cruit Island (roll number 16069)

Location:
An Chruit, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 17

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 17

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruit Island
  2. XML Page 17
  3. XML “Oileán na gCónrach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá oileán ar thráigh na Cruite ar a dtugtar Oileán na gConrach. Tá an tráigh seo idir an Chruit agus beal na Cruite i bParóiste "Teampall Cróin" Iochtarach.
    Tá cuid mhór oileán eile ar an tráigh seo acht tá an ceann seo ar a bhfuil muid ag tracht sgaithte ón cuid eile. Tá sé ar an bhealach direach idir an Chruit agus Ceann Caslach.
    In aimsir an droch-saoghal (1847-48) bhí cuid mhor daoine ag fagháil bháis leis an ocras agus leis an aicid. Bhíodh torramh no beirt gach lá. Ní rabh roilic ar bith thart fán cheanntair seo san am acht Roilic na Cruite. Nuair a bhíodh an torramh ag teacht treasna na tragha leigidhe síos na comhnair ar an oileán seo agus glacadh na daoine sgithiste. Leanadar do'n nos seo agus an deireadh a bhí air gur b'aisteadh "Oilean na gConrach" ar an oilean beag seo agus sin an ainm atá air go dtí an lá bhfuil indiu ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Oileán na gCónrach, Co. Donegal
    Collector
    Pádraig Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Siubhan Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    79
    Address
    Béal na Cruite, Co. Donegal