School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 441
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann m'as fada a bhí, bhí gasúr ann agus fuair a athair agus a mháthair bás. Ní raibh fá choinne an duine boicht ach a dhul ar fastodh.
    Rinne sé fastodh le feirmeoir a raibh cuid mhór eallaigh agus caorach aige. Bhí an feirmeoir posta ach ní rabh teaghlach ar bith ag an lamhain. Ba é an obair a bhí ar an ghasúr amuigh ag buachailleacht an eallaigh ó mhaidin go dtí'n oidhche. bhí saoghal uaigneach i gceart aige agus ba mhíle a ba mheasa a dhoigh de thairbhe de go raibh bean a' toighe ina droch cheann do. bhí an oiread sin de dhroch-mheas aicí ar an ghasúr agus go gcaithfeadh sí a chuid chuige ar leic na teineadh agus bhíodh aige leis an leac a nighe i gcomhnuidhe nuair bhí a chuid déanta aige. Agus sin a bhfuigheadh sé rith an lae, an teallachán preataí a gheobhadh sé ar maidin agus an rud ceudna nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Niall Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal