School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 405
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le sin agus sin a rabh de.
Chuaidh an tríomhadh fear ar aghaidh gur casadh saor de agus dubhairt sé leis an tsaor gurbh' eisean an fear a bhí de dhíth air. Chuir an saor ceist air caidé rabh sé ar a lorg. "Tá mé ar lorg duine eiginteacht a bhfuil céard foghlumtha aige."
"Tá mo chéard foghluimghthe agam-sa, agus an ndeanfaidh sin gnaithe," arsa fear an tsiubhail.
"Bhal siubhail leat annseo," arsa an saor.
D'imthigh an heirt agus níor bhfada gur shroich siad teach neag a bhí ar fhód an bhealaigh mhóir. Annsin thoisigh siad a cruinniú cloch no go rabh a sáith cruinn aca le cró a dhéanamh. Thoisigh an saor agus rinn sé an cró agus d'fhan fear an tsiubhail ag coiméad air i rith an ama. Nuair a bhí sin déanta d'iarr an saor ar fhear an tsiubhail toiseacht agus a cró fhéin a dhéanamh. Thoisigh sé agus rinn sé leis no go rabh sé tuirseach. Shuidh sé síos a dhéanamh a sgíste agus nuair a bhí sin déanta aige thoisigh sé arais gur chríochnuigh sé é. Annsin d'fhág sé an cró agus chuaidh sé arais an bealach céadna a dtáinig sé. Nuair a tháinig siad go dtí an áit(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Informant
- Séamas Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal