School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 445 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí gasúr ann uair amháin agus gníodh sé an t-Aifreann a fhriothaladh dó’n t-sagart i gcomhnuidhe. Nuair a d’éirigh an gasúr mór ina stócach agus nuair a chuaidh sé a d’oibir is iomdha aisling a tháinig aige. Lá amháin nuair a bhí sé amuigh fá choinne cliabh mónadh goidé do bharamhail a thainic amach as faoi bheinn-leic a bhí ann, ach caora mhór bhán agus sheasuigh sí agus coimhid sí an stócach ar feadh tamaill.
Sa deireadh bhí an chaora ag tabhairt trioblóid mhór dó; nó bhí sí ina chasan gach bealach dá dtéigheadh sé.
Indiaidh cupla seachtmhain meas sé go mb’fearr dó a ghabhail agus innse dó’n t-sagart paróiste fá’n chaora – ar eagla go mbféidir gur duine saoghalta a bhí ann a rabh rud éiginnteacht ag cur buadhartha air.
Chuaidh sé chuig an t-sagart agus

(continues on next page)
Collector
Máire Bhreathnach
Gender
female
Address
Ardmeen, Co. Donegal
Informant
Máire Ní Rabhartaigh
Gender
female
Age
48
Address
Dunglow, Co. Donegal
Language
Irish