School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 190
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Scríobhnóir: Sorcha Ní Fhirghil, Tulaigh.
- Bhí Maolmhuire Dubh Mac Suibhne 'na chomhnuidhe thíos ins an Tuatha uair amháin. Chuir sé giolla aníos chuig Crannóig Uí Bhaoighill ag iarraidh iasacht cú air.
Dubhairt Ó Baoighill leis an ghiolla nach raibh cú ar bith aige.
Chuaidh an giolla chuig Maolmhuire agus d'innis do caidé mar bhí.
Lá thar na bhárach chuir Maolmhuire cuireadh chuig Ó Baoighill ag iarraidh air theacht 'un féasta. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, ghléas Ó Baoighill a chuid cáiple agus d'imthigh sé fhéin agus a ghiolla ag tarraingt ar Mhaolmhuire.
Nuair a tháinig siad fhad le Maolmhuire bhí fáilte mhór aige daobhtha agus d'iarr sé ortha a gcuid capall a cheangail ins an stábla(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Address
- Tulaigh na Gréine, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 60