Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann aon uair amháin agus ní raibh aige ach aon bhó amháin. Gabha a bhí ins an fhear seo, agus lá amháin tháinig triúr fear isteach chuige fá coinne claidheamach a fhághail déanta. Sul ar thoisigh an gabha a dhéanamh na gclaidheamhthach dubhairt sé leo go gcaithfeadh gach duine aca an bhó a choimhead ar a seal. Ba é an t-ainm a bhí ortha, Fionn ar an chead fhear, Donn ar an dara fear agus Dubhar an tríomhadh fear.
    Nuair a thoisigh an gabha a dheanamh claidheamh an chead fhir chuaidh sé amach a choimhead na bó go raibh an claidheamh fhéin déanta. Chuaidh an dara fear amach a choimhead na bó go raibh a cheann fhéin deánta. Chuaidh an tríomhadh fear amach a coimhead ach sul ar imthigh sé phill sé isteach arais a iarraidh air a cheann fhéin a dhéanamh níos eadtroma na nach raibh sé ina fhear comh bréagh leis an bheirt eile, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Magnus Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Loch an Iúir, Co. Donegal