School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 325
- XML “Scéal”
- XML “Fionn Mac Cumhaill agus a Mhac Oisín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus nuair bhíodh sé réidh le n'a cuid oibre tráthnóna go mall, chaitheadh sé gabhail agus cliabh mónadh a tabhairt isteach.”
(continued from previous page)ar an fhear. Thoisigh an sagart a léigheadh as a leabhar agus thionntuigh an chaora ina sagart agus thoisigh an dá shagart a caint Laidine. " Geall ar Dhia arsa an fear "Cia bith atá sibh a rádh abairighidh amach go soileir é." Ins an bhomaite sin thionntuigh an sagart ina caora arais agus chuaidh sí isteach faoi'n bhéin lic, d'iarr an sagart ar an fhear a ghabhail isteach faoi'n lic agus í a thabhait amach chuaidh, ach ní rabh sí fághail aige. Agus, nuair nach rabh bhí a sháith iongantais ar an fear. Agus d'iarr an sagart air gan aon dhomhnach a leigint thart gan a gabhail 'un Aifrinn. D'imthigh an bheirt 'na bhaile agus ní fhacaidh aon duine an chaora on lá sin go dtí an lá indiú.
Sgéalaidhe: Pádraig Ó Dubhthaigh Airdmhín Clochán Liath 65 bl.- Fionn Mac Cumhaill agus a Mhac OisínLá amháin bhí Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna Éireann amuigh ag seilg. Chaith siad lá ar bheann is ar ghleann agus ní bhfuair siad dhath ar bith. Ag deireadh an tráthnóna agus iad ag teacht 'un an bhaile léim eilit mhaol amach as faoi bhun binne. Lean siad í(continues on next page)
- Collector
- Anna Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Antoin Ó Ghallcobhair
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal