School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 318
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Nuair nach raibh na mic acht óg fuair a n-athair bás agus fa chionn tamail fuair an mhathair bás. Tarla go raibh an mhathair muinnteardha do'n rí agus thug an rí leis na mic.

    (continued from previous page)
    Sgéalaidhe: Antóin Breatnach, Áirdmhín.
    Scríobhnóir: Dómhnall Breatnach, Áirdmhín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí sagart ann aon uair amháin agus bhí sé ag gabhal chuig duine tinn. I lár na h-oidhche a bhí ann, agus bhí sé ag marcuidheacht ar chapall.

    Bhí sagart ann aon uair amháin agus bhí sé ag gabhal chuig duine tinn. I lár na h-oidhche a bhí ann, agus bhí sé ag marcuidheacht ar chapall. Ní shiubhailfeadh an capall ar chor ar bith agus ní rabh a fhios aige goidé a dheánfadh sé. Buaileadh an sagart an capall ach ní rabh gar ann.
    Fá dheireadh thainig fear ag iarraidh ar an t-sagart deifre a dheánamh, agus d’iarr an sagart ar an fhear an capall a choinneáil dó, agus choinnigh, agus tháinig an sagart anuas ó'n chapall. Bhí fear ag siubhal ar fad ar thaoibh na láimhe clí agus ba é a bhí ag coinneáil an chapaill ar gcúl. Tháinig teachtaire eile annsin agus dubhairt sé leis an t-sagart deifre a dheánamh, no go rabh an bás ag an fhear a bhí ina luighe. Ba aingeal a bhí ins an fhear a chuidigh leis an t-sagart an capall a choinneáil. Agus bá é an diabhal a bhí ins an fhear a thionntuigh ina uan bán. Thug an sagart amach a leabhar urnaighthe agus thoisigh sé a leigheadh. Chuaidh an sagart ar dhruim an bheathaigh annsin agus d’imthigh sé ag tarraingt ar an teach, agus chuir sé an ola ar an fhear a bhí un na luighe agus níor mhothuigheas iomradh ar an diabhal ón lá sin ní ba mhó.
    Sgéalaidhe: Sorcha Ní Dhomhnaill. Áirdmín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal