Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 313
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ag gabhail thart aon uair amháin ag díol éadaigh. Oidhche amháin bhí sé ag gabhail thart go mall agus chuaidh sé isteach i dteach agus d'iarr sé lóistín na h-oidhche.”
Bhí fear ag gabhail thart aon uair amháin ag díol éadaigh. Oidhche amháin bhí sé ag gabhail thart go mall agus chuaidh sé isteach i dteach agus d'iarr sé lóistín na h-oidhche. Bhí fear agus bean ins an teach agus dubhairt an bhean go bhfuigeadh agus fáilte.
Shuidh siad thart ag cómhradh go dtí go rabh am luighe ann agus annsin thug an bhean a shuipéar do’n duine uasal seo, giota beag do arán mine agus braon beag bainne, agus d’iarr sí air a dhul a luighe ins an leabaidh bhig a bhí chois na teineadh.
Chuaidh an fear uasal a luighe mar h-iarradh air i leabaidh na clúdaighe ach nuair a bh’fhada leis an bheirt eile fanacht na suidhe leig sé air fhéin go rabh sé ina chodladh. Nuair a chuaidh an fear uasal a chodladh thoisigh an bhean a dheánamh tuirtín mine buidhe fa na gcoinne fhéin.
Nuair a bhí siad déanta aicí d’fhág sí ina luighe ar na h-aibhleógaí iad agus chuir sí cupla fód mónadh le na dtaoibh le h-eagla go bhfeiceadh an fear uasal na tuirtíní.
Nuair a bhí na tuirtíní chomhair a bheith bruaithte goidé a rinne an fear uasal ach musgladh agus thionntuigh sé aniar ins an leabaidh. “Tcídh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal