School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 292

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 292
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí sin ann agus is fadó bhí, bhí bean ann aon uair amháin agus ba ghnáthach léithe a bheith ag deanamh póitín. Mar ba ghnáthach léithe a bheith thuas ins an t-seomra bhí sí i bhfus ins an chisteanaighe lá amháin, agus tháinic péas isteach.

    Bhí sin ann agus is fadó bhí, bhí bean ann aon uair amháin agus ba ghnáthach léithe a bheith ag deanamh póitín. Mar ba ghnáthach léithe a bheith thuas ins an t-seomra bhí sí i bhfus ins an chisteanaighe lá amháin, agus tháinic péas isteach.
    Nír labhair an péas ar chor ar bith ach shiubhail sé amach ar an doras. Chuir an péas seo amach péas eile an dara lá a choimhead na mná seo. Agus sa deireadh b’éigean do’n bhean deireadh a chur leis an phóitín. Bhí péus amuigh i gcúl an toighe agus chuaidh an gasúr amach chuige. Lá iongantach te a bhí ann agus chuaidh an phéas a chodhladh agus d’iarr sé ar an ghasúr gan ciaróg ar bith a leigin a chomhair.
    Luigh ciaróg ar ghaothsán an phéus agus bhuail an gasúr leis an bhata í agus bhain sé an gaothsán de. Tháinig an gasúr isteach agus d’innis sé an scéal do’n mháthair. Bhí an mhathair iongantach fearhach leis agus d’iarr sí air gan trácht air ar chor ar bith. tháinic péus amach an dara lá a chuartughadh an phéus a bhí amuigh an lá roimhe sin. Agus tháinig sé godtí an gasúr agus chuir ceist air an bhfacaidh sé péus ar bith, agus dubhairt sé gur mharbhuigh seisean péus indé.
    D’iarr an péus ar an ghasúr a ghabhail go dtí an áit leis a rabh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Sorcha Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal