School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 274
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín.

    Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín. Chuir sise Oisín isteach i gcliabhán ag ligint uirthí fhéin go rabh sé ina leanbh.
    “Tá, an ghaoth ins an doras againn” arsa sise “ach nuair a thiocfas bunadh an toighe cuirfidh siad an taobh thiar de’n teach ar an taobh thoir”
    D’amharc achan fhear aca ar an fhear eile agus arsa siadsan, “Cuirfidh muid fiacháil ar leanbh an atá ins an chliabhán” Chuir duine aca a lámh i mbéal an leinbh ach bhain an leanbh greim a’s agus ní rabh in ach é nar ith sé an méar dó. “Nuair atá an leanbh ábalta sin a dhéanamh caithfidh sé go bhfuil muinntir an toighe atá ar shiubhal ábalta rud ar bith a dhéanamh agus mar sin de a ghaisteacht a mbéidh muid ins an bhaile is amhaidh is fearr dúinn é”
    D’imthigh siad léo agus níor stad siad go raibh ins an bhaile i gCúige Uladh agus ní tháinic siad a cur troda ar Fhionn ní bá mhó ar an ádhbhar gur shíl siad nach rabh maith ar bith daobhtha ann nó go bhfuigheadh na Fianna an bhuaidh ar sgor ar bith.
    Cúpla bliadhan ina dhiaidh sin bhí Fionn agus Oisín amuigh ag seilg. Nuair a bhí siad ar a’ mbealach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Ní Chinnéide
    Gender
    Female
    Address
    Cruach Phádraig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Address
    Cruach Phádraig, Co. Donegal