School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 256
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí Rí ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí sé ag cur suas a chaisleán i nDún na nGall an méid a chuireadh sé suas ins an lá bhéadh sé ar lár ar maidín.

    Scéal
    Bhí Rí ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí sé ag cur suas a chaisleán i nDún na nGall an méid a chuireadh sé suas ins an lá bhéadh sé ar lár ar maidín. Bhí seisear saor cloiche aige. D’obair sé leis go dtí Aoine. Chuir sé ina chionn go gcuirfeadh sé trí shaor eile a gcuideachta an mhuinntir a bhí aige siocair an Domhnach a bheith ag teacht, nó chonnaiceas dó nach mbainfidhe leis ar an Domhnach. Agus bhí dúil aige go suidhfheadh sé fhéin ‘a choimheadh go mbéadh an mheadhon oidhche thart.
    Nuair a scap na saortha cloiche tráthnóna Dia Sathairn d’fhan an rí leis fhéin na ndiaidh ag coimheadh an chaisleáin. Bhí sé tamall ina shuidhe, a aghaidh ar an obair agus a chúl ar an taoibh eile, nuair a thionntaigh sé thart bhí bean ruad ina seasamh ar a chúl agus níor mhothuigh sé ag teacht í.
    “A rí Uí Dhomhnaill,” a deir sí “tá tú ag teacht ‘un tosaigh go maith le dó chaisleán,”
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Hugh Roe O'Donnell (~5)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Fhirghil
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal