School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 255
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí bean agus fear ann i bhfad ó shoin agus bhí siad an-bhocht. Níor ghnáthach leóbhtha bó ar bith a chongbhailt nó ní rabh biadh ar bith acu le na cothughadh.

    (continued from previous page)
    a fhághail ach ní rabh sé ábalta. Bhí scuab taobh amuigh de’n doras agus hug an fear leis í agus bhuail sé an mhaol síos an cabhsa.
    Comh luath gear agus bhuail sé buille amháin de’n scuáb ar an mhaoil d’imthigh sí fhéin agus a cuid gamhna síos an cabhsa agus achán bhúithre dearg acu, agus shnáimh siad anonn ar an uisge ceann indiaidh an cinn eile.
    Bhí an bhean agus an fear ag amharc ar fhear a bhí ina sheasamh thall ar an oileán agus é ag scairtigh ar a chuid eallaigh. Sé an rud a bhí sé ag rádh, “Tseic, tseic, o’n mhaol mhór go dtí an mhaol bheag.”
    Thoisigh an bhean a scairtigh ar an mhaol pilleadh agus fanacht aicí fhéin ach ní thug an mhaol áird ar bith uirthí agus bhí siad comh folamh an oidhche sin agus bhí siad ariamh.
    Bhí an bhean ag scairtigh ar an mhaoil theacht agus fanacht aicí fhéin ach ní thug an mhaol áird ar bith uirthí ach thoisigh an fear a bhí thall ar an oileán ag scairtigh ortha theacht agus fanacht aige nó
    gur leis fhéin uilig iad. Agus comh luath géar agus bhuail an fear an mhaol leis an scuaib d’imthigh sí uaidh mar tháinic sí agus o’n lá sin ní bhá mhó níor choinnigh an bhean nó an fear ainmidhthe ar bith nach leó fhéin é.
    Máire Ní Dhomhnaill. Áirdmhín, Clochán-Liath a scríobh.
    Sorcha Ní Dhomhnaill. Áirdmhín, Clochán-Liath a d’innis
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Sorcha Ní Dhómnhaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal