School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 254
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí bean agus fear ann i bhfad ó shoin agus bhí siad an-bhocht. Níor ghnáthach leóbhtha bó ar bith a chongbhailt nó ní rabh biadh ar bith acu le na cothughadh.

    Bhí bean agus fear ann i bhfad ó shoin agus bhí siad an-bhocht. Níor ghnáthach leóbhtha bó ar bith a chongbhailt nó ní rabh biadh ar bith acu le na cothughadh. Bhí bean ó’n chomhursain ag tabhairt braon beag bainne daobhtha ag deánamh (ag deánamh ?) go rabh truaighe aicí daobhtha.
    Tráthnóna amháin nuair a bhí an fear amuigh ag an doras chonnaic sé bó ag teacht anall fríd an uisge a bhí giota beag taobh shuas do’n teach. Nuair a thainic sí fhaid leis thug sí fa (fa?) dear gur mhaol deas buidhe a bhí inntí agus bhí cuid mhór bainne aicí.
    Chuir sé isteach ‘un an bhoithigh í agus bhí sí iongantach cúramach aige fhéin agus ag an mhnaoi. Bhiodh gamhain aicí achán bliadhain go dtí go rabh an boitheach lán de ghamhna deasa buidhe cosamhail leis an bhuin.
    Chuireadh siad amach ‘na caoráin í achan lá agus d’fhanochaidh sí amuigh go dtí an oidhche. Lá amháin tháinic an mhaol aníos an cabhsa agus í ag búirthigh. Chuaidh an bhean amach agus thiomáin sí síos an bealach mór aríst í. An dara lá tháinic an mhaol aníos arais agus í ag búirthigh.
    Chuaidh (an bhean?) fear amach an lá seo fá choinne í a chur síos an cabhsa ach ní rabh sé ábalta. Chuartaigh sé thart fa’n teach fa choinne bata
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Sorcha Ní Dhómnhaill
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal