School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 246
- XML “An Dóigh a dTeachaidh Cormac Mac Airt chun na bhFlaitheas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Dóigh a dTeachaidh Cormac Mac Airt ‘un na bhFlaitheas.Le linn Naomh Pádraig i nÉirinn bhíodh sé ag taisteal na tíre i gcomhnuidhe agus nuair a d’éirigh sé aosta ní rabh sé a n-innibh siubhal agus théigeadh sé thart i gcarbaid. Bíodh giolla aige sa charbad ag tiomaint na n-each.
Tráthnóna amháin bhí sé fhéin agus an giolla ag teacht ‘na bhaile agus leis an aois agus leis an tuirse tháinic néall codlata ar Phádraig san charbad.
Tháinic siad go dtí áth ar abhainn mhóir éiginteacht is ní rachadh na heic trasna an átha. Rinne an giolla a dhícheall leis na heic a mhealladh thar an uisge, ach ní rabh gar dó ann. Thósuigh sé ortha leis an tslait, agus thósuigh siad a léimnigh, ach oiread is troigh ní rachadh siad trasna an átha. Leis an tormán mhusgail Pádraig agus chonnaic sé rud nach bhfaca an giolla. Chonnaic sé sgáile ins an aer ós cionn an átha. “Ma’s duine thú a bhí ariamh i gcolainn daonda ar an tsaoghal seo” arsa Pádraig, “labhair liom anois i n-ainm Dé.”
Labhair an sgáile agus dubhairt(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Informant
- Dómhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male