School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 238
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Bhí an t-athair ag éirghe aosta agus agus ní fhágadh sé an teach.

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Bhí an t-athair ag éirghe aosta agus agus ní fhágadh sé an teach. Geimhreadh amháin bhí slaghdán trom ag dhul thart, tháinic an slaghdán ar an triúr stócach seo agus bhí siad tamall fada ag éileamh. Bhí siad ag eirige lag ó am go h-am, agus sa deireadh fuair siad bás. Ghoill sin go mór ar an tseanduine. Bhí sé comh buadhartha sin agus go deachaidh an buaidhreadh ina cionn dó. Bhí sé ag meabhrughadh agus ag cainnt leis fhéin ar fad.
    Oidhche amháin d’imthigh an bhean a d’airneál agus fágadh an fear astoigh leis fhéin. Bhí an seanduine tuirseach agus luigh sé suas ar colbha na leabhta. Bhí sé ag smaointuighadh ar na mic agus d’iarr sé mar athcuinge ar Dhia leigean do na mic a theacht arais go bhfeiceadh sé iad uair amháin. Ins an am sin bhí gach duine bocht agus bhí an seanduine seo bocht. Bhí na cearca astoigh thíos ag an bhinn aca. D’éirigh an seanduine agus chuaidh sé go dtí an doras. D’fhan sé tamall ag an doras. Le sin tcídh sé solas ag tarraingt ar an teach.
    Shíl sé gurbh’ í a bhean a bhí ag teacht ‘na bhaile arais. Tháinig sé aníos go dtí an leabaidh arais. Le sin d’éirigh an coileach a bhí thíos ag an bhinn agus reath sé go dtí an teinidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Eibhlín Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal