School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 237
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcómhnuidhe i dteach ceann-tuigheadh ar thaobh an róid. Bhí an bhean iongantach cliste agus bhí sí ábalta í fhéin a ghlanadh as gach trioblóid.”
(continued from previous page)ar an t-seanbhean cá rabh mála an óir a thug an seanduine dúithe an lá fá dheireadh.
Dubhairt sise nach bhfacaidh sí mála óir ar bith ach go mb’fhéidir gurbh’ an seanduine a chonnaic tú ag tarraingt scrath i mála. Le sin cé thig isteach ach an seanduine. chuir an péus ceist air, “Cá bhfuil an mála óir a fuair tú an lá fá dheireadh?” Thost an seanduine tamall agus arsa seisean. “thuig mise do mo mhnaoi é agus d’fhág sí shuas ar an bhac é.”
“Pleóid ar do cheann mór!” arsa sise, ar ndóighe nach rabh tusa ar an sgoil an lá fá dheireadh”
“Ag rámhailligh atá tú, arsa an peús, “nach bhfuil a fhios agat fhéin gur fada an lá an scoil fágtha ag an t-seanduine,” arsa’n peus agus shiubhail sé amach ar an doras.
Ón lá sin ní bhá mhó ní tháinic aon duine fá thuaraisg an óir agus bhí saoghal sona sásta ag an mhnaoi agus ag an t-seanduine ní bá mhó.
Sgéalaidhe. Sorcha Ní Dhomhnaill, Áirdmhín, Clochán Liath.
Aois: 50 bliadhan- Collector
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Sorcha Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal