School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 235
- XML “An Dá Ghadaí as Éirinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí sí a chur ins an chomhnair. Oidhche amháin chuaidh duine aca agus dubhairt sé go dtógfadh sé an corp agus d’iarr sé ar an fhear eile molt a ghoid agus go mbeadh doigh bhreagh ortha go deo. Chuaidh seisean agus thóg sé an corp agus fuair sé na cnódhanna.
Shuidh sé agus chuaidh sé a mbriseadh. Bhí gasúr ar fastódh i dteach a bhí comhgarach den rolic agus bhí sé amuigh agus reath sé isteach agus arsa seisean. “Tá diabhal iochtar Ifrinn ag ithe cnamha an tsean-duine a cuireadh tá cúpla lá o shoin!”
Bhí sean-duine ins an chlúdaigh a bhí creapalta le fiche bliadhan.
Fáigh mo bhata agus iomchar mé amach agus cuirfidh mé ar shiubhal é” arsa seisean.
Rinne an gasúr mar h-iarradh air. Chonnaic an gaduidhe an gasúr agus an seanduine leis ar a dhruim agus é ag tarraingt air. Shíl sé gurb é an gaduidhe eile a bhí ag teacht agus an molt leis.
“An bhfuil sé reamhar” arsa seisean.
Sgannruigh an gasúr agus leig sé síos an seanduine. Reath an bheirt aca agus an seanduine a bhí creapalta le fiche bliadhain bhí sé ins an teach roimhe an gasúr.
Brígid Ní Dhubhgáin, Cró Bheithe, Clochán Liath, Dún na nGall.
Sgealaidhe: Domhnall O Domhnaill, Tulaigh, Clochán Liath. 75 bl.- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal