School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 223
  3. XML (no title)
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin, agus ní raibh bó ar bith aca. Dar leis an fhear go rachadh sé 'un an aonaigh agus go gceannochadh sé bó.

    (continued from previous page)
    air cuidiú leis an chomhnai a iomchaire go dtí an uaigh. Chuidigh an fear leis. Nuair a bhí an uaigh cóirighthe bhí an lá ag glanadh agus d’aithin an fear go raibh sé ina gharradh fhéin.
    Brígid Bhreathnach, Áirdmhín. Clochán Liath a scríobh
    Sgéalaidhe: Antoin Breathnach Áirdmhín a d’innis. Aois 49 bl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí mac amháin aca. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh a fhios aca b'fheárr dóbhtha a dhéanamh.

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus mac amháin aca. Bhí siad iongantacht bocht agus ní rabh a fhios aca b’fhearr dóbhtha a dheánamh.
    Fá dheireadh, d’imthigh an mac ar fastódh chuig maigistir a rabh neart airgid aige, agus bhí áit mhaith ag an ghasúr seo agus ní rabh mórán oibre le deánamh aige. Bhí eagla i gcomhnuidhe ar an mhaighistir roimhe na diabhail, agus lá amháin d’iarr sé ar an ghasúr a ghabhail go h-Ifreann agus na diabhail a thiomaint as.
    Ba doiligh eagla a chur ar an gasúr seo agus d’imthigh sé leis. Ar a bhealach go h-Ifreann tharraing sé cupla slat agus thug leis ina láimh iad.
    Nuair a tháinic sé fhad le h-Ifreann thug sé rása isteach agus thiomain amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Niall Ac Cumhaill
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal