School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 94

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 94

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 94
  3. XML “Díorfach Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sé ag éirghe tuirseach do Sheán agus ní raibh a fhios aige goidé dheánfadh sé leis no bhí sé ag cur ach a'n rud amugha air.
    Gan mhoill 'na dhiaidh seo chuaidh Seán agus a mhaighistear amach a threabhadh. Bhí na beithidhigh cineál dall no ní raibh aca ach súil amháin. Sul a deachaidh an maighistear amach d'iarr sé ar a mháthair a dhul amach 'na coilleadh agus a ghabhail a scairtigh, "Cucoo!" Nuair a bhí siad ag treabhadh chualaidh Seán an scairteach ins an choillidh ach níor leig sé a dhath air fhéin. "Éist," arsa'n maighistear leis, "gcluin tú an chuach?"
    "Ó" arsa Seán, "sin cuach saothamhail ag ceol i lár a' gheimhridh. Coinnigh na beithidhigh go fóill go bhfeicidh tú mise a marbhadh"
    Chuaidh Seán fhad leis a' choillidh, thóg cloch agus mharbhuigh an tsean-bhean. D'iarr sé ar a mhaighistear theacht annsin go bhfeicfeadh sé an chuach
    "Ó!" arsa'n maighistear, "tá mo mháthair marbh agat!"
    "Agus nar shíl mé gur cuach a bhí ann," arsa Seán.
    Phill siad 'na bhaile annsin agus thug an maighistear a pháighe do Sheán no bhí lúthgháir air fághail réidhtighthe leis. Nuair a thainig Seán 'na bhaile bhí fáilte mhór ag n-a mháthair fa n-a choinne agus bhí sé fhéin agus í fhéin go sona sásta o sin amach
    Samhain 1935.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    AT1005: Building a Bridge or Road
    AT1006: Casting Eyes
    AT1029: The Woman as Cuckoo in the Tree
    AT1049: The Heavy Axe
    AT1060: Squeezing the (Supposed) Stone
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Rabhartaigh
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal