School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 9
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Peigí Ní Bhaighill, Loch an Iubhair, Áth na gCoire, Tír Chonaill a d'innis an scéal seo. Tá sí marbh anois le sé bliadhna. Chualaidh sí an scéal ag sean-duine a bhí sa chomhursanacht ar a dtugadh siad Eoghainín Seamuis Ruaidhrí. Bhí Peigí fá thuairim 65 bliadhan nuair a fuair sí bás.Gruagach na gCleasBhí rí in i bhfad ó shoin agus bhí inghean amháin aige dar bh'ainim dithe Gráinne. Bhí Gruagach na gCleas le dul thart agus Gráinne a thabhairt linn.Chuir an rí gárdaí ag na geaftaí, agus dhá ghárda a rabh an Dubhfhraoich agus Dubhmhach an Dubhfhraoich ortha ag gárdáil an t-seomra san oidhche.Thainig nead i mullach an toighe. Thoisigh na h-éanacha ag seinim ann, agus ins an deireadh thuit na gárdaí ina gcodladh. Thainig Gruagach na gCleas annsin agus thug sé Gráinne leis. Nuair a ghlan an lá d'éirigh an Rí go dtí go bhfeicfeadh sé goidé mar bhí na gárdaí ag dul ar aghaidh. Chuaidh sé go dtí an chead gheafta acht bhí na gárdaí na gcodladh; chuaidh sé go dtí an dara geafta, agus bhí na gárdaí na gcodladh fosta; annsin chuaidh sé go dtí na geaftaí uilig, ach bhí na gárdaí uilig ina gcodladh(continues on next page)
- Informant
- Peigí Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Loch an Iúir, Co. Donegal