ingean an ríogh go mí-ionraice, fuair an t-Albanach an íoc céadhna. Ina dhiaidh sin rinneadh bainis a mhair seacht noidhche agus seacht lá eile agus pósadh an t-Éireannach agus inghean an ríogh. Samhain 1936
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Ceathrar mac Ríogh na hÉireann Bhí rí i nÉirinn uair amháin agus bhí ceathrar mac aige. Ní raibh a dhath le deánamh ag na mic ach ag dul thart ach a’n lá a’ cathadh airgid go dtí go raibh an chuid is mó d’a cuid airgid a n-áthara caithte aca. Dubhairt an fear a ba sine gur cheart dóbhtha imtheacht agus fiachail leis an airgead a chaith siad a dheánamh suas arais. Bhí siad uilig sásta seo a dheánamh agus d’imthigh an triúr aca. Ní theachaidh siad i bhfad no go dtainic siad fhad le ceithre chrois-bhealach. Shuidh siad annseo seal tamaill a dheánamh a scriste(scíthiste) agus a bhreathnughadh uatha. Labhair an fear a ba sine leis an fear a b’óige agus ar seisean leis “gaibh thusa an bealach sin.” D’iarr sé ar an tríomhadh fear a dhul bealach eile; “gaibh thusa an bealach sin,” ar seisean leis an dara fear, “agus rachaidh mé fhéin an bealach deireannach.” “Anois,” ar seisean le n-a chuid dearbhatharach caithfidhmid a castal ar a chéile annseo i gcionn lae agus bliadhna, agus na deánadh fear ar bith agaibh fastódh mara bhfághaidh sibh fiche punt agus
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »