School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 75
- XML “Iníon Rí na Fraince”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar iochtar bhí áit iongantach galanta ann. Bhí toighthe ann lán de ór agus d’airgead. Chuaidh sé isteach i náit eile agus bhí an cailín ‘na suidhe annsin a ba deise a chonnaic sé ariamh. Chuaidh sé ‘un cómhraidh léithe agus ba goirid go bhfuair sé amach gur inghean an ríogh a bhí ann. Bhí luthgháir mhór uirthí-se duine de na cineál fhéin a fheiceáil, gus bhí oiread eile lúthghaire air-san cionnus i a fhághail oir chuimhnigh sé ar gealltanas an ríogh. Thug sé leis annsin í agus cuir isteach sa bhucóid í. Shin sise fáinne do annsin, agus dubhairt leis gach ar bith ar mhian leis iarraidh ar an fháinne go ndeánfadh sé é. Scairt an t-Éireannach leis an bheirt a bhí thuas an ropa tharraingt suas agus rinne siad sin. Nuair a chonnaic siad gurbh í ingean an ríogh bhí ann, rinne siad amach an t-Éireannach fhághail annsin agus dubhairt gurb’e iad fhéin a fuair í.
Bhí lúthghair mhór ar an rí nuair a chonnaic sé go bhfuair an tSasanach no sin an rud a hinnsigheadh do a ingean. Bhí bainis mhór ann, ar mhair ar feadh sheacht noidhche agus seacht lá, no ba ghnathach an bhainis a dheanamh an t-am sin roimh an phósadh. Bhí an t-Éireannach bocht ag gabhail thart ins an áit ar fágadh é fhéin, agus ní rabh a fhios goidé bhí le deanamh aige. Sa deireadh smaoitigh sé ar an rud a dubhairt ingean an ríogh fa’n fháinne. Diarr sé ar an fháinne é fhágail thuas ins an teach bheag, agus níor luaithe a d’iarr na fuair sé é fhéin thuas ar uachtar. D’iarr sé air annsin é a fhágail ag teach an ríogh agus gan morán moille bhí sé ag dorais an caisleáin. Nuair a bhítear ag gabhail a phósadh ingean an ríogh agus an t-Sasanach, ní rabhthar ábalta fáinne a bhí ag an t-Éireannach, fhághail a rachadh ar a mear. Fiachadh an fáinne a bhí ag an t-Éireannach agus chuaidh sé suas ar a méar ar an chead iarraidh. D’innis inghean an ríogh an scéul fa’n dóigh a dtug sí an fáinne do’n t-Éireannach, agus an doigh ar fágadh thíos faoi’n talamh é annsin. Crochadh an t-Sasanach annsin, cionnuis bréag a innse, agus a bheith ag gabhail a phósadh(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Donegal