School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 68

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 68

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 68
  3. XML “Iníon Rí na Fraince”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Paidí Ac Cumhaill. Bun a’Bhaic, Croich Shlighe, Tír Chonaill a d’innis an dá scéal seo: “Íngean Riogh na Frainnce” agus “Ceathrar Mac Ríogh na hÉireann.” Tá Paidí fa thuairim 60 bliadhan anois agus chaith sé a shaoghal i mBun a’Bhaic, an áit in ar rugadh é. Chualaidh sé an dá scéal seo ag n-a athair go minic.
    Íngean Ríogh na Frainnce
    Bhí rí ins an Fhrainnc a’n uair amháin, agus bhí ighean aige. Lá amháin d’imthigh an inghean as baile, agus ní rabh a fhios ag aon duine ca dteachaidh sí. Ní fhacaidh aon dhuine ag imtheacht í, agus ní rabh a tuairisc le faghail thíos na thuas.
    Anois thárluigh go rabh Sasanach, Éireannach agus Albanach, amach as obair. Ní bhfuair siad aon greim le hithe ar feadh trí na ceathair ‘e laithe, agus bhí siad comhair a bheith ag bárr le tuirse agus le hocras. “Bhfuil a fhios agat goidé ba cheart dúinn a dhéanamh,” ars’an Sasanach leis an Éireannach, “Tá a ghabhail fhad le rí na Fraince agus innse do go dtainig muid ar fad as an bhaile ar lorg a ingne, agus cinnte bhéarfaidh sé rud éiginteacht dúinn ar shon ar saothair.”
    “Tá an ceart agat”, ars’an t-Éireannach, “ sin an rud ceadhna a dheánfhas muid.”
    Shiubhail an triúr leo, agus stad no mór-chomhuidhe ní dhearn siad gur shroich siad caisleán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Language
    Irish
    Informant
    Paidí Ac Cumhaill
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Address
    Bun an Bhaic, Co. Donegal