School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 67
- XML “Scéal”
- XML “Paidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Thug Fianna na taoibhe thuaidh cuireadh do Fhianna na taoibhe deas theacht chuca ar chuirim, acht gan airm ar bith a bheith leobhtha.”
(continued from previous page)air í, agus thoisigh sé a mharbhughadh.
Mharbhuigheadh seacht bhfeara, seacht bhfíchidh, seacht gcéad, a thuit le scian Ghoill an Fháthaigh sul ar fiaduigheadh an fudrascail.
Foghmhaar, 1935- Paidir
Luighim ar mo leabaidh mar shíntear mé san uaigh.
Faoisitine chruaidh chráidhte gnídhim leat, a Mhic Dé,
Fá iomlatáil mo cholna agus olcas mo chroidhe.
Ó, a Dhia, nach mé atá lochtach;
Gach nídh dá ngeallaim nach ndeánaim a coimhlíonadh.
A Mháthair Íosa i n-éideadh Chríost bídh ag mo cheann.
A Eoin Báiste, na Naomh Easpail bídh ag mo bhonn,
I n-am le h-ola Chríost a chur ar m’anam díleas,
A cheannsaigh (?) Íosa ar a chrann.Is beannuighthe Teampeall Dé,
Agus beannuighim fhéin duit;
Mar ndúil’s go mbeannochadh an Rí i bhFlaithis Dé,
Agus an dá aspal déag duit
Umhluighim le mo ghlúin dheis don Árd-Rí
Agus an ghlún eile glún mo chroidhe
Mar ndúil’s go mbeannochadh Dia
Gach anam da dtainic romham no ‘mo dhiaidh
Ariamh. Amen.