School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 5
- XML “Na Trí Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Na Trí Chomhairle (ar lean)go rabh sé ag gabhail a d'obair nuair a tháinic an maighistir isteach chuige agus chuir sé ceist air, "A Thomais goidé atá contrailte leat no an bhfuil tú tinn?""Níl leoga buidheachas do Dhia," arsa Tomas acht tá sé bliadhain is fiche ó d'fhág mé Éirinn agus indiu tá mé ag smaoitiú ar philleadh arais no an t-am sin d'fhág mé bean agus páisdí beaga in mo dhiaidh."Chuir an maighistir ceist air annsin cé aca a b'fhearr leis - iomlán an méid airgid a shaothruigh sé le bliadhain is fiche nó trí chomhairle mhaithe a bhearfadh seisean dó. Rinne Tomas moill bheag, agus ins an deireadh labhair sé agus dubhairt sé go rabh an bealach fada, agus go mb'féidir gur bhfearr na trí chomhairle mhaithe do."Sé an chéad chomhairle" arsa an maighistir, "cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra; an dara comhairle gan codladh aon oidhche i dteach a mbeadh cailín óg pósta ar sheanduine; an treas cionn, gan dadaidh a dhéanamh le fearg acht do phíopa a tharraingt amach agus a dheargagh agus a chaitheamh." Annsin dhíol an maighistir bealach Thomais agus rinne an maighistreas bunnóg aráin mar phronntanas(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- c. 62
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal