School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 37
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann a'n am amháin agus bhí sé do-chomhairleach i gceart. Thug sé a chúl ar an Aifreann agus cé go raibh a athair gabhail do ar fad fa dtaoibh de ní raibh maith ann.

    (continued from previous page)
    na háite dóibh fuair siad a chuid lorgach ins an tsneachta, agus ní theachaidh siad i bhfad eile go bhfuair siad ina luighe marbh é. Bhí an leabhar urnaighe ar a bhéal agus gunna le n-a thaoibh agus stríoc gearrtha thart air.
    Hiomcharadh 'na bhaile é ar na maidí agus rinneadh é a fháire. Lá an torraimh nuair a bhí siad ag tarraingt 'na cille d'éirigh giorrfhiadh rompa. Chonnaic an bheirt fhear é agus bhí a fhios aca gurbh'é seo an rud a rinne a ghnaithe.
    Bhí deirbhshiúir an stócaigh a fuair bás ina luighe i seomra léithe fhéin. Oidhche amháin i lár na hoidhche mhothuigh sí mar a bheadh anál ann ag teacht go dtí'n leabhaidh chuicí. Ar maidin d'innis sí do n-a muintir goidé a mhothuigh sí. Mhol siad-san duithe a'ghabhail a innse don tsagart. Chuaidh. D'iarr an sagart uirthí nuair a mhoitheochadh sí an rud arais ceist a chur air i n-ainm Dé cé bhí ann. An chead oidhche eile mhothuigh sí an anál ag tarraingt uirthí chuir sí an cheist mar d'iarr an sagart uirthí. Labhair an rud léithe agus dubhairt gurbh eisean anam a dearbhráthar agus nach bhfuigfeadh sí isteach 'na bhFlaitheas go ndéanfadh sise déirce ar na bochta le a raibh d'éadaighthe aige agus annsin go bhfuigfeadh.
    Rinne sí mar a d'iarr sé uirthí agus deir an scéal go dteachaidh sé fa chomhnuidhe agus nach bhfacthas é ní na mhó ina dhiaidh.
    Fabhra 1935
    Tomas Ó Dubhthaigh, Áird Mhín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal