Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 34
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 34
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann am amháin agus bhí sé comh bocht leis an deor. Lá amháin agus é ag dul fa choinne cliabh mónadh casadh triúr fear air.”
ScéalBhí fear ann am amháin agus bhí comh bocht leis an deoir. Lá amháin agus é ag dul fa choinne cliabh mónadh agus casadh triúr fear air. Tráthnóna a bhí ann agus bhí cuma an-thuirseach ar na fir. Chuir siad forán ar an fhear agus chuir ceist air an mbeadh sé ar a chumas dídean na hoidhche a thabhairt dóibh. D'fhreagair seisean iad ag rádh go mbeadh cinnte ach nach raibh gléas ró-mhaith air. Dubhairt siadsan an rud a bhí maith go leor aige fhéin agus ag n-a mhnaoi go raibh sé ró-mhaith aca-san.Thoiligh sé ins an deireadh ghabhail leis agus nuair a bhí cliabh na mónadh líonta aige shiubhail an ceathrar acu 'un toighe. Ar a theacht 'un toighe dóbhtha bhí bean a'toighe istoigh rompa agus níor thaitin sé léithe ar chor ar bith an rud a bhí déanta. Bean truaillithe a bhí inntí agus ó tharla go raibh siad bocht mheas siad nach raibh oiread bídh istoigh agus dhéanfadh a ngnoithe.Chuaidh fear an toighe amach, thug sé isteach caora agus mharbhuigh do na fir í le a sáith a thabhairt dóibh le hithe. D'ith ach a'n fear aca a sháith agus nuair a bhí siad réidh leag siad amach eadtorra fhéin gur mhaith an aithridhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal