School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 34

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 34

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 34
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann am amháin agus bhí sé comh bocht leis an deor. Lá amháin agus é ag dul fa choinne cliabh mónadh casadh triúr fear air.

    Scéal
    Bhí fear ann am amháin agus bhí comh bocht leis an deoir. Lá amháin agus é ag dul fa choinne cliabh mónadh agus casadh triúr fear air. Tráthnóna a bhí ann agus bhí cuma an-thuirseach ar na fir. Chuir siad forán ar an fhear agus chuir ceist air an mbeadh sé ar a chumas dídean na hoidhche a thabhairt dóibh. D'fhreagair seisean iad ag rádh go mbeadh cinnte ach nach raibh gléas ró-mhaith air. Dubhairt siadsan an rud a bhí maith go leor aige fhéin agus ag n-a mhnaoi go raibh sé ró-mhaith aca-san.
    Thoiligh sé ins an deireadh ghabhail leis agus nuair a bhí cliabh na mónadh líonta aige shiubhail an ceathrar acu 'un toighe. Ar a theacht 'un toighe dóbhtha bhí bean a'toighe istoigh rompa agus níor thaitin sé léithe ar chor ar bith an rud a bhí déanta. Bean truaillithe a bhí inntí agus ó tharla go raibh siad bocht mheas siad nach raibh oiread bídh istoigh agus dhéanfadh a ngnoithe.
    Chuaidh fear an toighe amach, thug sé isteach caora agus mharbhuigh do na fir í le a sáith a thabhairt dóibh le hithe. D'ith ach a'n fear aca a sháith agus nuair a bhí siad réidh leag siad amach eadtorra fhéin gur mhaith an aithridhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal