School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Mín na Mánrach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 26

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

cluimhreadh. Thainig an cailín fhad leis agus í ag caoineadh. Chuir sí ceist air cad chuige ar dhóigh sé a cuid cluimhrighe.

Thoisigh sí annsin agus d'innis sí an sgéal dó ó thús go deireadh. Thug sé ordughadh do n-a chuid siaghdiúir ghabhail fa choinne na leas-mháthara agus a mhná fhéin. Chuaidh 'na dhiaidh sin dóigh sé an bheirt aca.
Pósadh é fhéin agus an cailín agus bhí bainis aca a mhair lá agus bliadhain, agus bhí an lá deireannach ní b'fhearr no an chead lá. Ach sul ar pósadh iad chraith an cailín brain beag uisge a bhí léithe ó'n fharraige ar a dearbhrathair agus thainic sé 'un beatha san bhomaite sin.
Eanair 1935

Scéal

I bhfad o shoin nuair nach rabh i nÉirinn acht Tighearnaigh Gaedhelacha uilig; leag an Sasanach amach go nglacfadh sé fhéin seilbh ar chuid talta maithe na hÉireann, agus go ndíbreochadh sé na Tighearnaigh Gaedhlacha.

I bhfad o shoin nuair nach rabh i nÉirinn acht Tighearnaigh Gaedhelacha uilig; leag an Sasanach amach go nglacfadh sé fhéin seilbh ar chuid talta maithe na hÉireann, agus go ndíbreochadh sé na Tighearnaigh Gaedhlacha. Bhí sé ag cur sgéala chuig gach tighearna a áit a fhágail agus glanadh amach

(continues on next page)
Informant
Tomas Ó Dubhthaigh
Gender
male
Address
Ardmeen, Co. Donegal
Language
Irish