School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 21
- XML “Na Trí Duaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"nuair a chuireann sí a lámha in uisge go líonfaidh sé lán de iasg óir.""Go raibh sin amhlaidh" arsa an seanduine, agus bhí. On lá sin go bhfuair an cailín bás d'éirigh díthe mar a d'iarr na fir.An lá sin nuair a chuaidh an cailín 'na bhaile casadh an leas-mháthair díthe. Bhuail sí í agus chuir ceist uirthi goidé choinnigh í. Chuaidh an cailín bocht a chaoinneadh agus thuit na pearlaí ó na súile. Thoisigh an leas-mháthair a gcruinniughadh suas. Nuair a chonnaic an cailín í thoisigh sí a gháiridhe agus thuit na rósaí ó na béal, agus nuair a chuaidh sí a nighe na soitheach líon an t-uisge lá de iasg óir.Bhí an leas-mháthair níos measa anois díthe no bhí ariamh, agus dar leithe féin go gcuirfeadh sí a inghean fhéin amach lá thar na bhárach agus chuir. Nuair a chonnaic sise na fir leig sí uirthi féin go raibh eagla uirthi, ach nuair a d'iarr an sean-duine déirce uirthi reath sí chuige agus thug bonn airgid amach as a phóca agus d'amharc go cruaidh air. Indiaidh tamaill bhig thug sí dó é. Chuir sé ceist ar na fir goidé a ba mhaith leó éirghe do'n chailín a bhí millte ag n-a máthair agus a bhí olc do na bochta."Is maith liomsa" arsa'n chéad fhear,(continues on next page)
- Informant
- Anna Bean Mhic Amhalaidh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal