School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 19
- XML “Iníon Mhic Suibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)stócach thart agus chuir ceist uirthí caidé thug annsin í.D'innis sí dó. D'iarra sé uirthi a theacht leis and go dtabhairfeadh seisean obair dí. Chuaidh sí leis go Leitirceanainn agus chuaidh sí thabhairt amach snáth. Bhí dóigh mhaith uirthi annseo. Shaoil Labhras go rabh a bhean marbh, agus is iomdha lá a casadh a bhean dó ach níor aithin sé í, acht d'aithin sise eisean.Lá amháin bhí sí 'na suidhe istoigh agus chonnaic sí fear dubh agus greim muinéail aige ar labhra agus é ag iarraidh ocht bpighinn déag no punta de na chuid feóla. Chuaidh sí amach agus dubhairt sí leis an fhear dubh go bhfuigheadh sé punta de na chuid feóla acht gan é fuil ar bith a tharraingt. Ní rabh an fear dubh ábalta seo a dhéanamh agus d'imthigh sé leis.Annsin d'aithin labhras a bhean, agus thug sise léithe é, agus chuaidh an bheirt a chomhnuidhe i Leitirceanainn agus bhí ádh maith ortha ó sin amach.Eanair 1935Tomas O Dubhthaigh as an Áirdmhín, clochan-Liath, a d'innis an scéal seo. Fuair sé bás in 1928 i gcionn a cheithre mbliadhan agus ceithre fichid. Feirmeoir beag a bhí ann agus chaith sé a shaoghal ins na Rosaibh acht go dtéigheadh sé anonn agus anall go hAlbain. Rugadh agus tógadh é ar an Áirdmhín.
- Informant
- Tomas O Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal