School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 18
  3. XML “Iníon Mhic Suibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh an caphtaoin suas agus cé a cásadh dó acht an cailín fostaidh a bhí ag Labhras. Chuaidh sé 'un comhraidh leíthe agus d'innis dí fá'n fháinne agus dubhairt leíthe da bhfuigeadh sí an fáinne go ndíolfadh sé go maith í. Dubhairt an cailín go ndeánfadh sí a dithcheall.
    Chuaidh sí isteach 'un toighe agus ar dhul isteach dí casadh inghean Mhic Suibhne dí. Chuaidh an cailín go dtí an dreisiúr agus fuair sí an fainne. Chuaidh sí amach agus thug do'n caphtaoin é. Thug seisean céad punt díthe agus d'imthigh sé fhad le Labhras. Anois, adeir Labhras caithfidh mise mo theach a fhágail."
    D'imthigh Labhras agus a bhean annsin, agus chuaidh an caphtaoin in a n-áit. Chuaidh an bheirt thart fríd Dhoire ag cruinniú a gcodach. Bhí siad lá amháin na suidhe amuigh ar charraig ar bhruach an locha agus iad ag piocadh slóic. Ní thearn Labhras acht a lámh a chur le n-a mhnaoi agus í a chathadh amach san loch. "Tusa" ar seisean, "ba cionntaigh le muid a bheith mar seo."
    Bhí mainte caimleat uirthi agus chongbhuigh sé í ar bharr an uige go dtí gur chuir an lán-mhara isteach ar chosta Innis Eoghain í. Suidh sí ar charraig annsin, go dtainic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas O Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal