School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 167
- XML “Loch Chathair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is í an loch amháin is deise i dtír,
no go dtéidh tú thar sáile go Mananann
4
Ann a bhrághaid thart geobhaidh tú pearlaí,
Atá ar dhath an óir bhuidhe is gloinne is sgáil;
Tá gach eile mhianach ann, eadar buidhe is bán,
Agus seisg fa bhláth uirthí go dtí na béal;
Is tá blas na meala ar gach nídh fan áit,
Ar mhéad is tá fás urthí amuigh ina lár;
Is tá ar mbaile uilig i mbród is go sáimh,
Fan loch dheas alúinn atá cumhtha ann.
5
Thig an sionnach uirthí a sheilg éanlaith,
Le bheith aige féasta maith Domhnach Cásg;
Is thig an chuach uirthí i dtús an t-samhraidh,
Is í ag seinm ar bharr na gcraobh;
Tá gach uile dath uirthí da bfeicfadh súl.
Tá iubhar is eochair ag na cionn;
Is í an loch dheas chumhtha í tá glas is féireamhail,
Is nach deas an féirín í i nDún nan Gall.Tómhas
Chuaidh fear a ghearradh ruda i bhfad ó shoin ach nuair a bhí sé gearrtha bhí sé ró-ghoirid;
Ghearr sé giota de gach cionn de agus bhí sé fada go leor - Uaigh- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male