School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 166
- XML “Loch Chathair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dán eile a chum Seán Ó Dubhgain, Loch ChathairLoch Chathair
Is í Loch Chathair atá i mbruach an t-sléibhe,
Loch amháin is deise i n-Éirinn,
Tá sí cumtha thart mar bheadh Éire;
Is í glas is féireamhail is uirthí buan,
Tá gach uile dhath inntí da bhfuil i n-Éirinn,
Dubh, bán, gorm, dearg, is donn;
Is maidin samhraidh ar dhath na gréine,
Agus gorm séimhidh i ndeireadh an lae.
2
Tá coillidh ghlas ar gach taobh díthe,
Is úr is críon le fághail gach am;
Is tá an liagh inntí bhí ag Fionn is na Fianna,
Sin an léigheas ar gah aicid ann.
Tig na h-ealaí seal do’n bhliadhan ann,
Is ag comhradh aníos linn ar Lir is a chlann;
agus ins an t-samhradh tá an t-iasg ag léimnigh;
is ortha pléisiúr go mbíonn siad ann.
3
Tig an naos-carnach anall o’n Chaol-Loch,
Ag teacht na h-oidhche ansin ar faill;
ar gach aoibhneas a mbéidh fan ghleann,
is bíonn an fhaoileann ag seoladh síos uirthí,
seal na míosa annsin gach am,(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male