School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 163
  3. XML “Cathal Beag agus Cathal Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thainig Cathal Beag amach as an mala thug leis an t-eallach agus chuaidh an gasúr isteach ins an mhála.
    Thainig Cathal Mór amach chuir an mála ar a druim agus chaith amach ins an fhairrge é. Phill sé ‘un an bhaile agus nuair a sroich sé an baile bhí Cathal Beag roimhe agus an t-eallach leis. “Cá bfuair tú an t-eallach sin?” arsa Cathal Mór, “ar ndoighe bháith mise thú.”
    “O,” arsa Cathal Beag, “Tá oiread eallaigh annsud agus nac rabh a dhios agam cáide an méid le tabhairt liom.”
    “Tabhair leat mise,” arsa Cathal Mór, “agus caith amach mé go bfaghaidh mé cuid de’n eallach.”
    Thug Cathal Beag leis é fhéin agus a bean agus nuair a bhí sé ag an fhairrge chaith sé amach Cathal Mór. Nuair a bhí Cathal ag gabhail síos arsa seisean. “Glug! Glug! Glug!”
    “Cáide suid a deir sé,” arsa bean Chathail Mhóir.
    “Deir sé,” arsa Cathal Beag, “go bfuil cuidiú a dhíth air leis an eallach a thabhairt leis.”
    “Caith mise amach fosta,” arsa an bean.
    Chaith Cathal Beag an bhean amach agus bháith an beirt aca. Ó sin amach bhí dóigh mhaith air fhéin agus é ina sháith den tsaoghal.
    Eanáir 1936
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Gaoth Dobhair, Co. Donegal